Sparánachtaí Ollscoile

Sparánachtaí Ollscoile – 2023-2024

Tá lúcháir ar Choiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir sparánachtaí a bhronnadh ar 2 mhac léinn ó Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir nach bhfuil i dteideal ‘Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn’ i.e. (SUSI Grant)

Beidh na sparánachtaí á gcur ar fáil do mhic léinn a thabharfaidh faoi chúrsa Gaeilge fochéime 3ú leibhéal.

Tá 2 sparánacht ag €3,000 ar fáil do bhliain acadúil Ollscoile 2023 – 2024

Iarrfar ar mhic léinn ‘Foirm Iarratais’ ghairid a líonadh amach agus é a sheoladh ar ais chuig: Aodh Mac Ruairí, Oifigeach Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir ag:

anghaeltachtlair@outlook.ie

Is iad an t-Oifigeach Pleanála Teanga agus Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir a dhéanfaidh na hiarrastóirí rathúla a roghnú.

Foirm Iarratais ar fáil ag:  anghaeltachtlair@outlook.ie


Teagmháil

Aodh Mac Ruairí

087 387 8027

anghaeltachtlair@outlook.ie

Dáta