Tráthnóna galánta fá na Cruacha i measc scoláirí ó Oideas Gael agus bunadh an cheantair. A bhuíochas do Choiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir agus d’Áine Ní Dhíoraí a thug treoir agus a chuile chineál eolais faoin cheantar agus a bhunadh. Beidh muid ag súil le tógáil ar an imeacht seo ar an bhliain seo chugainn.