Seoladh Oifigiúil ‘Cnuasach Leabhar Sheáin Mhic Aoidh’ i mBaile na Finne

Le linn ‘Seachtain na hOidhreachta 2023’ sheol Liam Ó Luadhóg ‘Cnuasach Leabhar Sheáin Mhic Aoidh’ go hoifigiúil in Áras Sheagháin Bháin, Baile na Finne ar an 12 Lúnasa 2023.

Thug Liam caint faoi stair an bhailiúcháin seo de 5,000 leabhar – faoin dóigh ar tharla in Áras Sheagháin Bháin iad, an obair chothabhála a rinneadh orthu agus mar a fuarthas urraíocht €15,000 ó Iontaobhas Charthanachta Hugo Green sa Nua Shéalainn leis an dlaoí mhullaigh a chur ar an tionscadal. Ar an drochuair ní féidir na leabhair a fháil ar cíos ach is féidir a theacht orthu in Áras Sheagháin Bháin féin ach coinne a dhéanamh.


Teagmháil

Aodh Mac Ruairí

087 387 8027

anghaeltachtlair@outlook.ie

Dáta