Seoladh ‘Ceolta ó na Gleannta’ le Colette Ní Ghallchóir

Bhí slua mór i láthair nuair ag seoladh ‘Ceolta ó na Gleannta,’ cnuasach d’amhráin ar dhlúthdhiosca agus leabhrán i Halla an Éadain ar an Aoine. Share

Tá an saothar seo curtha i gceann a chéile ag an fhile aitheanta agus cumasach Colette Ní Ghallchóir. Stór amhrán as lárchríocha Thír Chonaill’ atá ann agus tá plúr na gceoltóirí ag ceol na n-amhrán ar an dlúthdhiosca.

I measc na n-amhrán ar an dlúthdhiosca tá Gleann Fhinne mo Ghleann a cheol ag Bríd Bn Mhic Fhloinn, Mo Mhallacht ar an Smugacháin, Johny ‘Ac Luain, Sráid an Chlochán Léith, le Máire Ní Choilm, Gaoth Bearra na gCoillte le Noeleen Ní Cholla agus Ar Bhruach Loch Finne, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus The Glenties Glen le Brídín Uí Ghallchóir.

“Tiomnaím an leabhar seo do mhuintir Chuinn, uathasan a fuair mé cuid mhór don eolas atá sa leabhar seo,” a dúirt Colette Ní Ghallchóir.

Tá tacaíocht a chur ar fáil don tionscadal seo ag Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir.

Ghabh an file buíochas ó chroí le achan duine a chuidigh léi an leabhrán agus an dlúthdhiosca a chur i dtoll a chéile ina measc siúd tá Mícheál Ó Domhnaill a chur an leabhar in eagar, Mícheál Ó Dochartaigh a rinne na hamhráin a thaifeadadh, Máire Uí Chomhaill, Ionad Naomh Pádraig, Caomhán Ó Scolaí, a rinne an dlúthdhiosca a dhearadh, Aodán Ó Gallchóir, Mícheál Ó Fearraigh agus Danielle Nic Pháidín ó Ealaín na Gaeltachta, Aodh Mac Ruairí Oifigeach Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, na cumadóirí agus na hamhránaithe ar fad agus do Raidió na Gaeltachta. Tugadh buíochas ar leith do Annie agus Mary Ní Chuinn.

 


Teagmháil

Aodh Mac Ruairí

087 387 8027

anghaeltachtlair@outlook.ie

Dáta