Cad é ‘Gaelchara’?
Is scéim feabhsaithe teanga atá i nGaelchara atáthar a fheidhmiú mar pháirt de ‘Phlean Teanga na Gaeltachta Láir’. Tá sé mar aidhm ag an scéim, cainteoir líofa a chur i gcuideachta foghlaimeora le cumas teanga agus muinín an fhoghlaimeora a fhorbairt ionas go mbeidh siad ábalta an teanga a úsáid ar bhonn níos leanúnaí.
Is modh neamhfhoirmeálta foghlama atá i gceist agus d’fhéadfadh na rannpháirtithe tairbhe a bhaint as caitheamh aimsire atá i gcoiteann acu, ar nós siúlóidí nó garradóireacht i measc gníomhaíochtaí eile le linn daofa a bheith ag foghlaim na teanga ar dhóigh thaitneamhach gan strus.
Cé acu foghlaimeoir nó cainteoir líofa thú – déan teagmháil le hAodh Mac Ruairí ag: anghaeltachtlair@outlook.ie nó 087 387 8027 le haghaidh foirm iarratais agus eolas breise.