Is coiste deonach iad Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir a cuireadh ar bun le hoibriu agus le tacú le hOifigeach Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.
Chuige sin tá an Coiste agus an t-Oifigeach ar fáil le cuidiú a chur ar fáil do scoltacha, do naíonraí, do chumainn, d’eagrais, nó grúpa ar bith eile sa phobal gur mian leo tabhairt faoi imeachtaí a chur ar siúl leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.
The Gaeltacht Láir Language Planning Committee is a voluntary committee who were established to work with and support the Gaeltacht Láir Language Planning Officer, to promote the Irish Language in the community.
To that end the Committee and the Language Planning Officer are available to schools, pre-schools, clubs, organisations or any group within the community who wish to undertake activities to promote the Irish Language in the region.
Tá mise, Aodh Mac Ruairí ag feidhmiú mar Oifigeach Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir faoi láthair agus fáiltím agus tugaim cuireadh don phobal teagmháil a dhéanamh liom faoi aon cheist, aon ghné nó aon chuidiú ó thaobh na Gaeilge gur féidir liom a chur ar fáil dóibh.
I, Aodh Mac Ruairí am currently acting as Language Planning Officer in the Gaeltacht Láir and I welcome and invite the community to engage with me regarding any question, any aspect or any assistance that I may be able to provide, regarding the Irish language.
Thig cóip do Phlean Teanga na Gaeltachta Láir a íoslódáil anseo. Is féidir fosta leagan giorraithe a fháil in Oifig Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir – F93K29
You can download a copy of the Language Plan here. An abbreviated English language version can also be obtained from the Language Planning Office – F93HK29
Tá pailéad dathanna agus lógó Choiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir go mór faoi anáil an tsabhaircín agus dathanna an earraigh. Tá an sabhaircín ar cheann de chéad bhlátha an earraigh agus mar shiombail de athbheochan agus athnuachan. Tagraíonn an bolgán cainte i lár an lógó de chomhrá, de chumarsáid agus de theanga. Tagraíonn an taobh amuigh den lógó de phobal comhoibritheach agus cónasctha idir óg agus aosta.
The Gaeltacht Láir, Language Planning Committee’s colour palette and logo has been influenced by the primrose and the colours of spring. The primrose is one of the earliest flowers of spring and it symbolises rebirth and rejuvenation. The speech bubble in the inner part of the logo suggests conversation, communication and language.
The outer part of the logo represents a cooperative, connected community, between young and old.