An Cumann Náisiúnta Drámaíochta
Comhghairdeas mór le hOilibhéair Mac Fhionnghaile agus a chuid aisteoirí óga ó S.N. Éadan Fhionn Fhraoich a bhain an chéad áit i bhFéile Náisiúnta, An Cumann Scoildrámaíochta i rannóg 2, don tríú bliain as a chéile leis an dráma ‘Bradán Beatha’
Bhain siad an duais don ‘Bhunscoil Bheag’ is fearr chomh maith.
Tá obair mhór á dhéanamh ag Oilibhéair sa réimse seo le blianta. Tugann na gníomhaíochtaí seo deis do na scoláirí óga iad féin a chur i láthair ar an stáitse náisiúnta ina dteanga dhúchais, rud a chuireann go mór lena bhféinmhuinín agus a dtuiscint ar thábhacht na Gaeilge.
Comhghairdeas libh uilig ó Choiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir.
Bronnfar na duaiseanna i bPáirc an Chrócaigh ar an Chéadaoin, 17 Bealtaine, ag 1.30pm.